Loveboth

1. Sábhálann an 8ú Leasú beatha daoine

Tá aithne againn ar fad ar dhuine éigin ar chosain an 8ú Leasú é nó í. “An t-am a thóg sé chun ginmhilleadh i Sasana a phleanáil, ba é sin an t-am a theastaigh uaim chun m’intinn a athrú”. Mary, Co. Luimnigh. “Tá mé thar a bheith buíoch go raibh an 8ú Leasú ann chun mé a chosaint ó chinneadh tapa róthobann a dhéanamh nuair a bhí toircheas géarchéime romham. Is minic a smaoiním, dá mbeadh teacht agam ar ghinmhilleadh in aice láimhe nuair a bhí mé leochaileach, go bhféadfadh sé tarlú go héasca go ndéanfainn cinneadh a mbeadh aiféala orm faoi níos déanaí”. Emma, Co. Chill Dara.

Léiríonn scéal Emma agus Rossa agus scéal Mary agus Hollie an taithí a bhí ag teaghlaigh gan áireamh in Éirinn sa lá atá inniu ann. Tá an oiread sin scéalta ann faoi mháithreacha agus tuismitheoirí a bhí ag smaoineamh ar ghinmhilleadh ach a d’athraigh a n-intinn ag an nóiméad deireanach. Deir a lán acu gur de thoradh an 8ú Leasú atá a bpáiste beo inniu agus níl siad ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis.

100,000 saol sábháilte

I dtuarascáil achtúireach a rinneadh go neamhspleách, cuireadh líon na mban Éireannach a théann thar lear chun ginmhilleadh a fháil i gcomparáid leis na rátaí ginmhillte i dtíortha eile san Aontas Eorpach. Ba é an tátal a baineadh ná gur shábháil an 8ú Leasú 100,000 beatha ó ghinmhilleadh le fiche bliain anuas.* Tá cúis mhór bhróid ag Éirinn as an 8ú Leasú a shábhálann beatha daoine.

100,000 beatha sábháilte ag an 8ú Leasú sin 1 as gach 50 duine in Éirinn nó daonra Co. Chill Chainnigh.

2. Bíonn croí linbh ag bualadh 21 lá ón uair a ghintear é nó í

Rinne gach duine againn, mar leanbh leochaileach sa bhroinn, an t-aistear ó ghiniúint go breith. Sa bhliain 1967, nuair a tugadh isteach dlí an ghinmhillte sa Bhreatain, d’fhéadfadh polaiteoirí a mhaíomh nár thuig siad daonnacht an linbh sa bhroinn. Níl an leithscéal sin againn sa lá atá inniu ann. Chonaic an chuid is mó againn na pictiúir iontacha ultrafhuaime dár bpáistí féin nó de ghaolta.

Clocha míle na luathfhorbartha
Seachtain 4 – Is ann do ghnéithe na haghaidhe
Seachtain 6 – Orgáin inmheánacha forbartha i bhfoirm bhunúsach
Seachtain 8 – An néarchóras ag feidhmiú
Seachtain 9 – Tá an leanbh in ann slogadh, méanfach agus diúl
Seachtain 11 – Síneann agus léimeann an leanbh
Clocha míle iompair ó:
An tOllamh Stuart Campbell. Watch Me Grow! Londain: Carroll & Brown Ltd, 2004.

3. An teist sábháilteachta atá ag Éirinn do mhná le linn toirchis

Tá Éire, gan ghinmhilleadh, rangaithe arís is arís eile i measc na dtíortha is fearr sa domhan ó thaobh sábháilteacht ban le linn toirchis. Bunaithe ar thuairiscí sna meáin, áfach, shílfeá gur áit chontúirteach do mhná torracha í Éire. Is é fírinne an scéil go gcinntíonn dlí na hÉireann go gcuirtear cóir leighis ar mhná torracha i gcónaí má bhíonn a saol i mbaol. De réir na Meastachán um Mortlaíocht Máithreacha ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, tá Éire chun cinn ar Shasana agus ar Stáit Aontaithe Mheiriceá ó thaobh sábháilteacht do mhná torracha de. Dála an scéil, ceadaíonn Sasana agus Stáit Aontaithe Mheiriceá araon ginmhilleadh ar éileamh.

Dearbhaíonn trí thuarascáil oifigiúla ar thragóid Savita gur de bharr míbhainistíocht seipsise a fuair sí bás*. Rinne a lán feachtasóirí iarracht é a nascadh go bréagach le ginmhilleadh.

*Tuarascáil ón gCoiste Cróinéara: Naoi moladh an Chróinéara ar thacaigh an giúiré leo (Aibreán 2013); Tuarascáil FSS (Meitheamh 2013); Tuarascáil an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (Deireadh Fómhair 2013).

4. Ginmhilltear 90% de leanaí a bhfuil Siondróm Down orthu sa Bhreatain

Déanann ginmhilleadh leatrom

Sa Bhreatain, ginmhilltear 90% de leanaí a ndiagnóisítear go bhfuil Siondróm Down orthu sa bhroinn (Fiosrúchán Parlaiminteach ar Ghinmhilleadh ar bhonn Míchumais, An Ríocht Aontaithe, 2013). Tá ginmhilleadh dleathach sa Bhreatain i gcás míchumas ar bith is féidir a bhrath i rith naoi mí an toirchis. Nuair a ghéilltear an ceart chun na beatha féin, ní haon iontas gurb iad na daoine is leochailí agus is mó atá ag brath ar dhaoine eile is túisce a ndéantar leatrom orthu.

Cultúr Comhionannais na hÉireann

Tá cultúr comhionannais agus cuimsithe againn in Éirinn ar féidir linn a bheith bródúil as. Sampla iontach de sin is ea obair na gCluichí Oilimpeacha Speisialta. Le níos mó ná 9,000 lúthchleasaí agus gréasán 25,000 oibrí deonach, is ceann de na heagraíochtaí deonacha is mó agus is rathúla in Éirinn iad na Cluichí Oilimpeacha Speisialta anois. Coinnímis orainn ag feabhsú na dtorthaí agus chaighdeán na beatha do dhaoine a bhfuil Siondróm Down nó míchumas eile orthu in áit a bheith ag déanamh aithris ar thíortha eile a chuaigh síos bóthar díobhálach an ghinmhillte.
Sa Danmhairg, tá sprioc leagtha síos acu gur tír saor ó Shiondróm Down a bheidh inti faoin mbliain 2030.2 Ní féidir é sin a bhaint amach ach amháin trí ghinmhilleadh.

5. Uchtú, rogha eile atá dearfach

Is mór mar a chuaigh Steve Jobs, John Lennon agus Nelson Mandela i bhfeidhm ar an domhan. Is mar gheall ar fhlaithiúlacht tuismitheoirí uchtála a bhí deis acu triúr tabhairt faoin saol. Tá cuir chuige nua i leith an uchtaithe ag cur rogha eile ar fáil seachas ginmhilleadh agus tá fáil éasca orthu ag mná a bhfuil toircheas éigeandála rompu. Mar sin féin, níor tugadh ach seachtar leanaí lena n-uchtú in Éirinn in 2015 (Údarás Uchtála na hÉireann, Tuarascáil Bhliantúil 2015). Tá na céadta lánúineacha Éireannacha, a bhfuil sé dearbhaithe go bhfuil siad oiriúnach chun páiste a uchtú, ar liostaí feithimh. Is cinnte go bhfuil duine éigin ag lorg gach aon pháiste.

“Toircheas i gcúinsí dúshlánacha ba thús leis an gclann a shantaíomar. Tá ár mac ag déanamh thar cionn anois. Ó tharla gur uchtú oscailte atá i gceist, tá a fhios againn go bhfuil an mháthair nádúrtha go maith freisin, rud a chuireann muidne agus eisean ar ár suaimhneas.” Seán agus Marie, Co. Bhaile Átha Cliath.

6. Scéalta dóchais i ndiaidh éigniú

Bhí Shauna Prewitt i gcruachás uafásach nuair a d’éirigh sí torrach i ndiaidh éigniú. Ní raibh aiféala uirthi riamh gur lean sí den toircheas, agus deir sí anois: “Sílim go mbeadh an domhan i bhfad níos measa as gan mo chailín beag a bheith ann.” Ní hí Shauna an t-aon duine amháin atá sa chás seo. Ní bhíonn ginmhilleadh ag 74% de mhná in Éirinn a éiríonn torrach i ndiaidh éigniú (Gréasán na hÉireann um Ghéarchéim Éignithe: Staitisticí Náisiúnta um Ghéarchéim Éignithe 2014). Seo iad na scéalta a chaithfimid a chloisteáil nuair a bhíonn ginmhilleadh le haghaidh ‘cásanna crua’ á mholadh.
Is coir é an t-éigniú atá uafásach amach is amach, ach ní haon réiteach ar choir é deireadh a chur le beatha duine. Más cás linn i ndáiríre mná a chosaint, ba chóir dúinn pianbhreitheanna níos láidre d’éigneoirí a lorg agus fíorcheartas a lorg dóibh siúd a éignítear.

7. Cúram atruach i gcás ‘Mínormáltacht Mharfach Féatais’

Is téarma é mínormáltacht mharfach féatais a chuirfeadh amú go mór thú. Ní bhíonn a fhios ag dochtúirí cá fhad a mhairfidh leanbh sa bhroinn a bhfuil riocht a chiorraíonn saol duine air nó uirthi.
In Éirinn sa lá atá inniu ann, tá tuismitheoirí a tháinig abhaile ó Shasana tar éis dóibh ginmhilleadh a fháil ach a fuair amach ansin gurb ann do chúram ospíse imbhreithe mar rogha eile seachas ginmhilleadh i gcás den sórt seo.

Faoi láthair, is minic a cheapann teaghlaigh a fhaigheann drochdhiagnóis réamhbhreithe nach bhfuil aon rogha eile ann seachas ginmhilleadh. Caithfidh sé sin athrú.
“Bualadh lenár n-iníon, féachaint isteach ina súile agus éisteacht lena fuaimeanna beaga, is mór mar a chabhraigh sé linn dul i ngleic leis an mbrón nuair a fuair sí bás. Thug an ospís aire den scoth dúinn agus rinne siad cinnte de go raibh sí compordach an t-am ar fad.”
Hilary Ní Lorcháin lena hiníon Margaret (sa phictiúr) a raibh Siondróm Edwards uirthi agus a mhair ar feadh dhá lá.

8. Sa Bhreatain, ginmhilleadh an deireadh a bhíonn ar 1 as 5 thoircheas

Níl a leithéid de rud ann agus ginmhilleadh teoranta. Rinne polaiteoirí i dtíortha eile iarracht ginmhilleadh i gcúinsí teoranta a thabhairt isteach. Gheall siad nach mbeadh ginmhilleadh i gceist ach ‘i gcásanna crua’ agus gurb annamh a tharlódh sé. Ach ní mar sin a bhíonn riamh.

Le himeacht ama, déantar ‘normalú’ ar an nginmhilleadh.

Múnlaíonn dlíthe ár gcuid iompraíochta. Chonaiceamar go léir an chaoi ar athraíodh dearcadh daoine i leith tobac a chaitheamh agus criosanna sábhála a chaitheamh nuair a athraíodh an dlí. Tharlódh an rud céanna dá gcuirfí deireadh leis an 8ú Leasú.
Ginmhilltear 1 as 5 leanbh i Sasana, sa Bhreatain Bheag, sa Fhrainc agus sa Spáinn – 300% níos mó ná ráta na hÉireann.3 Tá gach cúis ann le ceapadh go méadódh rátaí ginmhillte na hÉireann go tapa mar a tharla in áiteanna eile.

D’fhoghlaim tíortha eile – nuair a bhí sé ródhéanach – nach bhfuil a leithéid de rud ann agus ginmhilleadh ‘sriantach’. Ná déanaimis an botún céanna anseo.

 

Tá luach agus dínit dhomhain, dhúchasach, chothrom agus uathúil ag baint le gach duine, beag beann ar aois, inscne, míchumas, cúinsí nó é/í a bheith ag brath ar dhaoine eile.