Tá aithne againn ar fad ar dhuine éigin ar chosain an 8ú Leasú é nó í. “An t-am a thóg sé chun ginmhilleadh i Sasana a phleanáil, ba é sin an t-am a theastaigh uaim chun m’intinn a athrú”. Mary, Co. Luimnigh. “Tá mé thar a bheith buíoch go raibh an 8ú Leasú ann chun mé a chosaint ó chinneadh tapa róthobann a dhéanamh nuair a bhí toircheas géarchéime romham. Is minic a smaoiním, dá mbeadh teacht agam ar ghinmhilleadh in aice láimhe nuair a bhí mé leochaileach, go bhféadfadh sé tarlú go héasca go ndéanfainn cinneadh a mbeadh aiféala orm faoi níos déanaí”. Emma, Co. Chill Dara.
Léiríonn scéal Emma agus Rossa agus scéal Mary agus Hollie an taithí a bhí ag teaghlaigh gan áireamh in Éirinn sa lá atá inniu ann. Tá an oiread sin scéalta ann faoi mháithreacha agus tuismitheoirí a bhí ag smaoineamh ar ghinmhilleadh ach a d’athraigh a n-intinn ag an nóiméad deireanach. Deir a lán acu gur de thoradh an 8ú Leasú atá a bpáiste beo inniu agus níl siad ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis.
100,000 saol sábháilte
I dtuarascáil achtúireach a rinneadh go neamhspleách, cuireadh líon na mban Éireannach a théann thar lear chun ginmhilleadh a fháil i gcomparáid leis na rátaí ginmhillte i dtíortha eile san Aontas Eorpach. Ba é an tátal a baineadh ná gur shábháil an 8ú Leasú 100,000 beatha ó ghinmhilleadh le fiche bliain anuas.* Tá cúis mhór bhróid ag Éirinn as an 8ú Leasú a shábhálann beatha daoine.
100,000 beatha sábháilte ag an 8ú Leasú sin 1 as gach 50 duine in Éirinn nó daonra Co. Chill Chainnigh.